Reachtaíocht
Feidhmíonn an Chosaint Shibhialta fé réimse reachtaíochta, ina measc An tAcht um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar 1939/1946, Acht Rialtais Áitiúil 1941-2001, Ionstraimí Reachtúla éagsúla agus An tAcht um Chosaint Shibhialta 2002/2012
Bunaíodh Bord Cosanta Sibhialta fén Acht um Chosaint Shibhialta 2002 chun an Chosaint Shibhialta a bhainistiú agus a fhorbairt ar bhonn náisiúnta.
Scoradh an Bord Cosanta Sibhialta ar an 1ú Eanáir 2013 de réir Acht um Chosaint Shibhialta 2012. Tá cúraimí a bhí ar an mBord Cosanta Sibhialta aistrithe anois go dtí an tAire Cosanta.