Ceisteanna Comónta

1. Cad é an Chosaint Sibhialta / Cad a dhéanfaimid?

Is eagraíocht deonach é an Chosaint Shibhialta a bunaíodh sna 1950dí mar chuid de struchtúr cosanta náisiúnta agus mar fhreagra riachtanach sibhialta ar na contúirtí a d'fheadfadh titim amach de dheasca cogaidh. Tá ról na Cosanta Sibhialta athraithe anois sa mhéid is go dtacaíonn sí leis na seirbhísí éigeandála agus le gníomhaíochtaí pobail. Feidhmíonn an Chosaint Sibhialta go náisiúnta fé choimirce na Roinne Cosanta. Cuirtear seirbhísí ar fáil go háitiúil ar nós... Taisme, Tarrtháil, Seirbhís Dóiteáin Cúnta, Bardach & Radaíocht, Leas agus Cumarsáid, tríd na hÚdaráis Áitiúla , a cheapann Oifigeach Cosanta Sibhialta chun dul i mbun cúrsaí pleanála, eagrúcháin agus earcaíochta agus chun feidhmiú mar nasc riachtanach idir saorálaithe, an pobal, an t-údarás áitiúil agus an eagraíocht go náisiúnta.

2. Céard é íosaois ballraíocht an Chosaint Sibhialta?

Caithfear a bheith ocht mbliana d’aois ar an lá a chomhlánófar an fhoirm clárú.

3. Conas Clárú / Ballraíocht na heagraíochta?
Chun clárú leis an gCosaint Sibhialta nó eolas a fháil ar a cuid seirbhísí áitiúla déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sibhialta i gceantar d'údarás áitiúil. Tá sonraí teagmhála na nOifigeach Cosanta Sibhialta ar fáil ar an Leathanach Baile fé Conas Clárú nó ag an nasc seo. Ní mór do gach ball nua foirm clárúcháin a líonadh isteach.

4. Cén scileanna a bheidh uaim? / Cén oiliúint/seirbhísí atá ar fáil?
Tugann an Chosaint Shibhialta an deis do bhaill réimse scileanna agus bealaí nua a fhoghlaim a chabhróidh lena bpobal áitiúil i gcás éigeandála mar aon lena bhforbairt pearsanta féinigh. Ritear cúrsaí oiliúna go lárnach ó mhí Eanáir go Bealtaine agus aríst ó Mheán Fómhair go Nollaig sna réimsí seo leanas:

Seirbhís Taismí -  Oiliúint chun beatha a tharrtháil ag meánleibhéal, ardleibhéal agus leibhéal teagascóra, chun déileáil le taismí agus chun seirbhís garchabhrach 's otharchairr a sholáthar.

Seirbhís Tarrthála -  Oiliúint chun daoine ar iarraidh a chuardach agus a aisghabháil i mbailte, amuigh fán dtuath agus ar uisce.

Seirbhís Dóiteáin Cúnta -  Oiliúint i réimsí áirithe dóiteáin ar nós cleachtaí caidéil agus dréimire. Tuilte a phumpáil, uisce a sholáthar agus tacaíochtaí éigeandála don phobal.

Ag faire ar Radaíocht - Oiliúint d'Oifigigh Eolaíochta na h-eagraíochta ar ábhair ghinearálta a bhaineann le radaíocht eithneach agus in úsáid gléasanna braite radaíochta. De ghnáth bíonn cúlra innealtóireachta, eolaíochta nó teicniúil de shaghas éigin ag na hoifigigh seo.

Seirbhís Leasa - Oiliúint san Iarchúram d'íospartaigh tubaiste. Oiliúint chun bia a ullmhú de réir caighdeáin HACCP.

Cumarsáid - Oiliúint in oibriúcháin agus cleachtais raidió VHF ar muir 's ar tír, UHF agus TETRA ina bhfoghlaimeofar conas gach cuid de threalamh raidió na seirbhísí Cosanta Shibhialta a aithint agus a úsáid i gceart.

5: An mó ama is gá a thabhairt?
Beidh an méid ama a chuireann tusa ar fáil don eagraíocht ag brath ar na srianta atá ort féin agus ar éilimh na heagraíochta go háitiúil. Is féidir go mbeadh ort bheith ar fáil dhá uair a chloig sa tseachtain ar a laghad. Sin ráite, d'fhéadfadh go mbeadh uaireanta cloig breise i gceist chun páirt a ghlacadh i ranganna oiliúna, ag brath ort féinigh.

6: Cé ghlaonn amach ar fhoireann Cosanta Shibhialta?
Freastalaíonn an Chosaint Shibhialta ar ghlaonna éigeandála ó na Gardaí, na Seirbhísí Dóiteáin, na hÚdaráis Sláinte agus Áitiúla, ó Gharda Cósta na hÉireann agus ó na Ranna Rialtais. De gnáth is iad na Gardaí a dhéanann práinnfhreagairtí a chomhordú.

Cabhrófar le tacaíochtaí pobail nuair is féidir, ag brath ar acmhainní. Déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sibhialta i gceantar d'údarás áitiúil.