Seirbhís Taismí

casualty

Institiúid oiliúna é an Chosaint Shibhialta atá aitheanta ag an gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) agus a cháilíonn a gcuid saorálaithe ón gCéad-Fhreagairt Croí (CFR) go Teicneoir Leighis Éigeandála (EMT) agus sa Gharchabhair Oibre. Cáilítear na saorálaithe go caighdeán freagróra agus teagascóra. Cuireann líon mór saorálaithe, atá ag obair go lán-aimseartha sna seirbhísí otharcharr reachtúla, a gcuid sainscileanna ar fáil don Choláiste Cosanta Sibhialta chun saorálaithe eile a oiliúint.

Cuireann saorálaithe garchabhair ar fáil ag imeachtaí pobail agus náisiúnta, a leithéidí  ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt náisiúnta agus imeachtaí áitiúla. Tá teacht ag an gCosaint Shibhialta ar an trealamh cuí do chúram othair laistigh de gach caighdeán. Tá údarás ag an gCosaint Shibhialta Treoirlínte do Chleachtas Cliniciúil PHECC a úsáid. Cuirtear Inniúlacht Ghairmiúil Leanúnach, uas-scileadh agus ath-theastasú ar fad ar fáil do gach saorálaí Cosanta Sibhialta, ar mhaithe le h-ardchaighdeán cúram othair réamh-ospidéil a choimeád.

Clárú a fhiosrú