CISM

Bainistiú Struis ó Eachtraí Criticiúla is ea CISM. Is féidir go mbeidh ar Saorálaithe sa Chosaint Sibhialta cabhrú le daoine atá gortaithe go dona. D'fhéadfadh pearsanra éigeandála le taithí fiú fulaingt ón 'strus suaite' de dheasca radharc neamhghnách dá leithéid. Tá córas bainistíochta don strus ó eachtraí criticiúla ag an gCosaint Sibhialta chun cabhrú lenár saorálaithe déileáil le deacrachtaí de thoradh a gcuid oibre linn.

Tá ceithre ghné sa chóras seo.

  1. Is gá do gach Saorálach freastal ar chur i láthair feasachta ar Eachtraí Criticiúla.
  2. Tá oiliúint CISM 4 lá faighte ag Oifigigh Cosanta Sibhialta agus ag roinnt saorálaithe.  Is crainn taca duine-ar-dhuine iad na daoine seo d’ár saorálaithe.
  3. Tar éis déileáil le h-eachtra chriticiúil, tabharfaidh an tOifigeach Cosanta Sibhialta nó an Saorálaí Sinsir na saorálaithe ar shiúl chun deis a thabhairt dóibh labhairt faoin eachtra.  Más eachtra ana-throm chúiseach í cuirfear comhairleoirí gairmiúla ar fáil do na saorálaithe.
  4. Thig le gach Saorálaí Cosanta Sibhialta seirbhís comhairleoireachta ghairmiúil a úsáid, saor in aisce, chun cabhrú leo déileáil le h-aon ní a eascraíonn as a gcuid oibre linne.  Tá Inspire (Carecall) ar fáil de ló is d'oíche, gach lá ar feadh na bliana ag 1800 409 673.

CISM Policy