Bígí Linn

join

Foghlaim scileanna nua, cabhraigh le do phobal-sa.

Tagann saorálaithe ó réimse leathan cúlraí éagsúla.  Thig le duine fásta a bheith ina bhall. Múintear réimse leathan scileanna do na saorálaithe, ar nós... garchabhair, daoine ar iarraidh a lorg, scileanna bádóireachta, tuilte a thaoscadh agus cumarsáid raidió.

Táthar ag súil go mbeidh Saorálaithe ar fáil d'oiliúint 2 uair a chloig sa tseachtain agus ansin do dhualgaisí ar nós cúram garchabhrach ag imeachtaí spóirt. Is féidir go nglaofaidh amach ar Saorálaithe gan choinne chun déileáil le droch aimsir, daoine ar iarraidh nó eachtraí éigeandála eile.

Cad a bhfaigheann Saorálaithe ón gCosaint Sibhialta.

  • Oiliúint - tugaimidne oiliúint d'ardchaighdeán le deimhniú neamhspleách ó eagraíochtaí ar nós  PHECC.  D'fheadfadh na cáilíochtaí seo cabhrú leat le do shlí bheatha.
  • Forbairt Pearsanta - bíonn ár gcuid Saorálaithe páirteach i réimse leathan gníomhaíochtaí agus forbraíonn siad ana-chuid scileanna pearsanta dá bharr.
  • Cairdeas - is slí iontach é chun aithne a chur ar dhaoine nua agus tú i mbun oibre le Saorálaithe eile.
  • Fiúntas - tuigeann ár gcuid Saorálaithe go maith go bhfuilid ag cabhrú lena bpobal féinigh in am an ghátair.
  • Cuirtear gach culaith agus trealamh ar fáil.

Tá Aonaid Chosanta Sibhialta i ngach contae i bPoblacht na hÉireann. Tá eolas anseo ar conas a bheith i do shaorálaí sa Chosaint Shibhialta, nó conas a thiocfaidh ball den Chosaint Shibhialta i dteagmháil leat,   GLIOGÁIL ANSEO led’ thoil.