An tSeirbhís Leasa

welfare12

Tá an tSeirbhís leasa ar cheann de na seirbhísí is tábhachtaí a chuireann Cosaint Shibhialta ar fáil. Tá an tSeirbhís leasa roinnte ina dhá rannóg; Ullmhú agus Sábháilteacht Bia agus Aslonnú Daoine Easáitithe. Cuireann an dá rannóg seirbhísí fíorthábhachtacha ar fáil a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil aimsir éigeandála.

Bíonn saorálaithe deonacha Cosanta Sibhialta cáilithe le bia a ullmhú – ag cloí le caighdeáin fíorarda, agus is cuid den oiliúint a chuirtear orthu bia a cheannach agus a stóráil. Bíonn teistiú ag na saorálaithe ó Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.

Faoin gCreat um Móréigeandáil, tá sé de chúram ar Chosaint Shibhialta ionaid aslonnaithe a bhun agus clárú a dhéanamh ar na daoine a bhíonn iontu. Tacaíonn Cosaint Shibhialta leis na gníomhaireachtaí príomhfhreagartha nuair a bhíonn móréigeandáil ann, go mór mór ó thaobh clárúcháin agus ó thaobh bia agus tacaíocht eile a chur ar fáil aimsir an ghátair.

Cláraigh linn