Faireachán ar Radaíocht

radiation

Le blianta beaga anuas is ag gabháil don fhaireachán ar radaíocht is mó a bhíonn an tSeirbhís Maorachta.  Is é an príomhchúram atá an Maor léamh a dhéanamh ar an radaíocht má tharlaíonn teagmhas Raideolaíoch.  Tá oiliúint ar bhaill na seirbhíse i roinnt mhaith réimsí – an chumarsáid agus teicnící ceannasaíochta agus tuairisciú ar léamha radaíochta, mar shampla.

Faoin bPlean Éigeandála Náisiúnta le haghaidh Timpistí Núicléacha tá roinnt mhaith feidhmeanna sonracha, fíorthábhachtacha ag an tSeirbhís Maorachta. Ina measc tá na feidhmeanna seo a leanas:

  • Samplaí de chineálacha éagsúla a bhailiú – samplaí ithreach, uisce agus fásra, mar shampla, agus iad a aistriú chuig saotharlanna  an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) nó chuig saotharlanna ainmnithe eile, le go ndéanfar anailís orthu.
  • Faireachán soghluaiste i ngach aon limistéar údaráis áitiúil.
  • Cúnamh a thabhairt, nuair is gá, agus bearta rialaithe á gcur chun feidhme.

Féadfaidh tú tuairisc a chur faoi pháirt a ghlacadh sa Chosaint Shibhialta i do cheantar féin ach cliceáil ar an nasc thíos

Cláraigh linn