Seirbhís Dóiteáin Chúntach

fire

Tugann Cosaint Shibhialta tacaíocht dhara line don tseirbhís dóiteáin. I measc na scileanna a chuirimid ar fáil go saorálach tá caidéalú agus aistriú uisce. Má bhíonn tuile ann nó má tharlaíonn eachtra eile a bhaineann leis an gcomhshaol, cuireann Cosaint Shibhialta daoine agus treallamh ar fáil le tacaíocht a thabhairt do Sheirbhísí Dóiteáin na nÚdarás Áitiúil

Bíonn ár gcuid oibrithe saorálacha cáilithe mar theagascóirí san Fheasacht Uisce agus tuigeann siad an chontúirt atá ag baint leis an uisce agus na deacrachtaí a bhíonn i gceist le bheith ag obair gar don uisce, más sa tóir ar dhuine atá ar iarraidh atá siad nó ag déileáil le tuile.  Chomh maith leis sin, tá teagascóirí Cosanta Sibhialta in ann teistiú a dhéanamh ar dhaoine mar Buntarrthálaithe Uisce agus mar Chéad-Fhreagróirí Mearuisce agus Tuilte. Tá fíorthábhacht ag baint leis na cáilíochtaí seo nuair a thagann an crú ar an tairne aimsir tuile nó tráth éigeandála comhshaoil.

Cláraigh linn