Cumarsáid

communications

Tá roinnt mhaith córas cumarsáide raidió á bhfeidhmiú ag Cosaint Shibhialta. Ina measc tá na córais seo a leanas:

Córas an-ardmhinicíochta (VHF) a chuireann clúdach leathanréimse raidió ar fáil. Córas náisiúnta é seo arb éard atá ann líonra de stáisiúin raidió bunáite agus de láithreáin athchraolta raidió barr cnoic, lonnaithe ó cheann ceann na tíre. Leis an líonra seo, bíonn an cheanncheathrú agus feithiclí Cosanta Sibhialta in ann cumarsáid a dhéanamh le chéile.

Córas ultra-ardmhinicíochta (UHF) ar le haghaidh cumarsáid raidió ar an láthair is mó a úsáidtear é.  Cuireann an córas seo clúdach áitiúil raidió ar fáil ag láithreacha teagmhais agus i limistéir áitiúla oibriúcháin, ag úsáid raidiónna soghluaiste UHF atá suiteáilte i bhfeithiclí agus raidiónna láimhe.

Chomh maith leis seo, tá roinnt teirminéal raidió dhigitigh TETRA ag Cosaint Shibhialta chun cumarsáid a dhéanamh leis na gníomhaireachtaí príomhfhreagartha, ar nós na nGardaí, an FSS agus na Seirbhísí Dóiteáin.

Agus í i mbun oibriúchán ar uisce, úsáideann Cosaint Shibhialta raidió muirí VHF le cumarsáid a dhéanamh idir criúnna na mbád agus gníomhaireachtaí eile muirí ar nós Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála, Gardaí Cósta na hÉireann chomh maith leis na stáisiúin éagsúla raidió ar an gcósta agus cois cuain.

Cuirtear oiliúint sa chumarsáid ar fáil maidir le gach uile ghné d’oibríochtaí raidió Cosanta Sibhialta.

Féadfaidh tú tuairisc a chur faoi pháirt a ghlacadh sa Chosaint Shibhialta i do cheantar féin ach cliceáil ar an nasc thíos

Cláraigh linn