Cuardach agus Tarrtháil

search-rescue

‘Sé ceann de na héilimh is mó ar saorálaithe Cosanta Sibhialta, agus iad i mbun oibre le na Gardaí agus/nó le Garda Cósta na hÉireann, ná daoine atá ar iarraidh a aimsiú.  Tá cáilíochtaí ar chaighdeán náisiúnta ag ár gcuid saorálaithe - Freagróirí, Bainisteoirí Cuardaigh agus Teagascóirí, agus bíonn cleachtaí oiliúna go rialta acu le na Gardaí agus le Garda Cósta na hÉireann. Cuireann an Chosaint Shiabhialta réimse leathan sócmhainní ar fáil do bhainisteoirí cuardaigh i dteannta le saorálaithe oilte agus saorálaithe le taithí. Ina measc tá feithiclí 4x4, báid, feithiclí ceannais agus comhordaithe, madraí cuardaigh oilte agus aerárthaigh cinnrialaithe (dróin).

Tugann Cumann Seoltóireachta na hÉireann agus Aontas Canúála na hÉireann cáilíochtaí do shaorálaithe Cosanta Sibhialta i dtaobh saineolas cadhcála agus bádóireachta a sholáthar go h-áitiúil agus go náisiúnta, cois cósta, cois locha agus ar bhealaí uisce, mar aon le daoine atá ar iarraidh a lorg.

Tá cumas forleathan aerárthaí cinnrialaithe (dróin) ag an gCosaint Shiabhalta. Tá ceadúnais iomlana ag ár bhfoireann chun dul i mbun oibre le dróin ar fud na hÉireann.  Thig linn áiteanna doshroichte a chuardach go tapaigh, cois cósta san áireamh. Chuireamar go mór lenár gcumas le déanaí le córas íomháithe theirmigh.

Tá roinnt foirne madraí cuardaigh ag an gCosaint Shiabhialta ina bhfuil madraí oilte i dtaobh obair tharrthála agus i dtaobh iarsmaí daonna a aimsiú.

https://www.youtube.com/watch?feature=youtu.be&v=VSBFevzFwlA&app=desktop

Clárú a fhiosrú