Coláiste

Fáilte chuig Coláiste na Cosanta Sibhialta

Civil Defence College Front

Is é Coláiste na Cosanta Sibhialta an tIonad Oiliúna Náisiúnta do Chosaint Shibhialta. Oibríonn an Coláiste le réimse leathan comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta chun oiliúint, scileanna agus saineolas a fhorbairt agus a sheachadadh. Tá siollabas teagaisc an Choláiste bunaithe ar roinnt téamaí a thacaíonn le hÚdaráis Áitiúla agus Pobail i rith cásanna éigeandála fógartha agus neamhfhógartha. Áirítear lenár n-oiliúint Cuardach ar Dhaoine ar Iarraidh, Freagairt Tuilte, Tacaíocht Taismí agus Leasa i measc nithe eile.

Oibrímid le réimse leathan comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta go bliantúil chun clár an choláiste a chur le chéile don bhliain amach romhainn. Áirítear lenár gcomhpháirtithe oiliúna na Gníomhaireachtaí Céadfhreagartha; an Garda Síochána, an tSeirbhís Dóiteáin agus Tarrthála agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna. Gné thábhachtach den obair a dhéanaimid is ea cláir choláiste a chreidiúnú; rud a chinntíonn go bhfuil ár modheolaíocht seachadta agus teagaisc de réir an dea-chleachtais náisiúnta. Cinntíonn ár n-ailíniú le agus ár gcomhaontuithe um dhearbhú cáilíochta le comhlachtaí cosúil le Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) (FETAC mar a bhí) agus An Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) comhsheasmhacht agus forbhreathnú seachtrach ar ár gcleachtais. Tarraingítear roinnt clár ó ghníomhaireachtaí a bhfuil creidiúnú idirnáisiúnta acu; tá oiliúint Freagróra, Teagascóra agus Bainistithe Swiftwater agus Tuile, deimhnithe ag Rescue3 Europe, gníomhaireacht tarrthála uisce atá aitheanta go hidirnáisiúnta.

CD and Fire Service working togetherTá ár n-oiliúint múnlaithe ar dhá shruth nasctha; ceann amháin bunaithe ag an gColáiste (oiliúint lárnach) agus an ceann eile i ngach Údarás Áitiúil (oiliúint áitiúil). Tá an Coláiste freagrach as idirghabhálacha beartais agus oiliúna a cheapadh a dhéanann forbairt ar chomhaltaí deonacha Chosaint Shibhialta ina dTeagascóirí; agus ansin cuireann siadsan oiliúint ar fáil d’oibrithe deonacha áitiúla ina n-aonad féin.

Faighimid daltaí as sampla leathan den tsochaí; tugann siad taithí saoil leathan agus éagsúil leo. Tá go leor dár ndaltaí fostaithe go lánaimseartha; agus roinnt eile i mbun saol baile agus cúrsaí eile. Tá ár ndaltaí díograiseach i leith na foghlama agus a dtaithí saoil agus a gcúlra á úsáid acu le tacú lena bhfoghlaim féin agus foghlaim a chéile. Níl an turas ach ina thús nuair a cháilíonn tú mar Theagascóir le Cosaint Shibhialta; tá Inniúlacht Ghairmiúil Leanúnach (CPC) mar bhonn agus taca lenár dtacaíocht leanúnach; a chinntíonn go gcoinnítear teagascóirí ar an eolas maidir le hathruithe ina réimsí féin. Áirítear ceardlanna; seimineáir agus scileanna agus measúnuithe faisnéise leanúnacha le CPC.

Clár Choláiste na Cosanta SibhialtaMeet the team long
College Programme February June 2015