An Chosaint Shibhialta in Éirinn - Réamhrá

about

Is í Craobh Chosanta Sibhialta na Roinne Cosanta, atá lonnaithe sa Bheannach mhór, Ros Cré, Co. Thiobraid Árainn, atá freagrach as an gCosaint Shibhialta a bhainistiú agus a fhorbairt go náisiúnta. I dtaca le h-iarrachtaí na nÚdarás Áitiúil tugann an Chraobh Chosanta Sibhialta treoir ó thaobh polasaithe de, oiliúint lárnach tríd an Coláiste Cosanta Sibhialta, treoir ‘s tacaíocht riaracháin agus soláthar lárnach de phríomh gnéithe éide ‘s trealaimh.

Deintear maoiniú ar Chosaint Sibhialta tríd deontas i gcabhair ón bhVóta Cosanta. Deintear gníomhaíochtaí áitiúla Cosanta Sibhialta a mhaoiniú ar bhonn 70/30% idir Craobh Cosanta Sibhialta na Roinne Cosanta agus an tÚdarás Áitiúil tríd deontas bliantúil go 'n údarás áitiúil (suas le 70% de chaiteachas iomlán an údaráis ar Chosaint Sibhialta).

Cuirtear seirbhísí Cosanta Sibhialta ar fáil go háitiúil tríd Oifigeach Cosanta Sibhialta an údaráis áitiúil don cheantar sin. Fostaí lánaimseartha den údarás áitiúil is ea an tOifigeach Cosanta Sibhialta atá freagrach as bainistiú laethúil Cosanta Sibhialta fé threoir foriomlán an Bhainisteora Contae/Cathrach. Is féidir suas le 70% de phá bunúsach an Oifigigh CS a laghdú fén ndeontas ón gCraobh Chosanta Sibhialta. Cé gur fostaithe iad na hOifigigh CS de na húdaráis áitiúla táid ceaptha fé théarmaí agus coinníollacha atá leagtha síos ag an Aire Cosanta. Cláraíonn saorálaithe sa Chosaint Shibhialta tríd an t-údarás áitiúil ina gceantar féinigh agus de réir a chéile is féidir leo dul chun cinn agus cáiliú mar Theagascóirí.

Tagann Teagascóirí Saorálaithe Cosanta Sibhialta ó gach carn den tír go 'n Ceanncheathrú Cosanta Sibhialta i Ros Cré do réimse leathan clár oiliúna. Filleann na teagascóirí ar a gceantar údaráis áitiúil cuí, iad oilte 's ullamh chun an t-eolas 's taithí a scaipeadh i measc na saorálaithe ann. Tá an Coláiste Cosanta Sibhialta, atá mar chuid den Chraobh Chosanta Sibhialta, aitheanta mar institiúid oiliúna ag comhlachtaí rialála ar nós QQI agus an Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil. Feidhmíonn an Ceanncheathrú Cosanta Sibhialta, lena bhfoireann de sheisear is fiche, mar Lárionad Rialaithe Náisiúnta agus mar mhol ríthábhachtach do ghréasán cumarsáide náisiúnta na heagraíochta.