Cosaint Shibhialta

about

Is eagraíocht deonach é an Chosaint Shibhialta a thacaíonn le seirbhísí éigeandála ar an líne tosaigh. Tacaímid leis na pobail áitiúla chomh maith. Tá 3,500 saorálach nó ball deonach ag an gCosaint Shibhialta fud fad na hÉireann.

Tá saorálaithe oilte againn sna seirbhísí seo leanas:

Tacaímid le na seirbhísí éigeandála ar an líne tosaigh le linn drochaimsire, tuilte, mór thimpistí, dóiteáin agus nuair atá cuardach ar bun do dhaoine atá ar iarraidh.

Tacaíonn an Chosaint Shibhialta leis na céadta imeachtaí pobail i rith na bliana. Bíonn mór imeachtaí san áireamh ar nós seónna aer, longa arda, ceolchoirmeacha, féilte agus imeachtaí spórt. Tacaímid le himeachtaí áitiúla chomh maith ar nós paráidí.

Feidhmíonn an Chosaint Shibhialta fé réimse reachtaíochta, ina measc An tAcht um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar 1939/1946,  Acht Rialtais Áitiúil 1941-2001, Ionstraimí  Reachtúla éagsúla agus An tAcht um Chosaint Shibhialta 2002/2012.  Bunaíodh Bord Cosanta Sibhialta fén Acht um Chosaint Shibhialta 2002 chun an Chosaint Shibhialta a bhainistiú agus a fhorbairt ar bhonn náisiúnta.  Scoradh an Bord Cosanta Sibhialta ar an 1ú Eanáir 2013 de réir Acht um Chosaint Shibhialta 2012. Tá cúraimí a bhí ar an mBord Cosanta Sibhialta aistrithe anois go dtí an tAire Cosanta.